A hóige, ar scoil Dhoire Beaga, níor fhoghlaim sí mórán, d’fhág sí an scoil ag 11 bliana d’aois. Bhí cúpla séasúr fostú déanta aici i Machaire Gathlán an t-am sin, ag amharc i ndiaidh an eallaigh agus ag buachailleacht roimh scoile. Cuntas maith ar na tithe a bhí acu, i Machaire Gathlán, ag daoine an tSeascán Bhig, agus a d’úsáidtí ar feadh sé seachtaine sa bhliain nuair a bhí siad ag amharc i ndiaidh an eallaigh agus ag déanamh ime. Na focail in úsáid aici, eadradh, cuinneog, loine, pigín agus tubáin. Bhí eadradh le déanamh roimh scoile. Bhí 6d le tabhairt na scoile fá choinne leabhair ach ní raibh sé leis an ghirseach a bhí léi agus ba ghnách léi buaileadh a fháil nuair a théadh sí na scoile. Scéal faoin dóigh a fuair sí 6d ó fhear leis an leabhar a cheannach. Síleann Bríd ná den tsaol seo é. Trí shéasúr a chaith sí thíos ansin ar fostú. | 00:13:20 | |